Cúrsa Cinnireachta

Cúrsa Cinnireachta:
DUALGAISÍ AN CHINNIRE TÍ

Please note that not all students who complete this course will be chosen to work as cinnire. The decision on who is chosen is final and rests with the course co-ordinator. Students must have completed Transition Year, have fluent Gaeilge, show leadership qualities and display an ability to work as a team. All participants will be interviewed and assessed during the week.

At any time if a cinnire is found speaking English he/she will be sent home.

  • Beidh cruinniú ag na cinnirí tí leis an múinteoir atá i gceannas orthu ag tús an dara rang ar maidin & ag tús an dara rang sa tráthnóna.
  • Roinneann siad aon eolas atá acu mar gheall ar dhaltaí, cúrsaí sa teach, an Ghaeilge sa teach, srl.
  • Freastalaíonn na cinnirí tí ar an gcéad rang ar maidin & ar an gcéad rang tar éis lóin.
  • Beidh na cinnirí tí saor don dara & don tríú rang ar maidin & don dara & don tríú rang sa tráthnóna.
  • I rith an ama seo, is féidir leo sos a ghlacadh & is féidir leo cluichí idirghníomhacha a eagrú chun na daltaí a choimeád gníomhach trí Ghaeilge ag na sosanna.
  • Sa halla, ar maidin, suíonn an cinnire tí lena rang don rolla.
  • Déanann sé/sí cinnte de go bhfuil na daltaí ag suí suas i gceart, san órd ceart i líne díreach don rolla. Ní bhíonn na cinnirí tí ag siúl timpeall ag caint lena chéile.
  • Ag deireadh an lae, ag a 4.30, suíonn an cinnire tí lena t(h)each & déanann sé/sí cinnte de go bhfuil gach duine ag suí suas i gceart i líne díreach.

Arís, ní bhíonn na cinnirí tí ag siúl timpeall ag caint lena chéile.

  • Bíonn na cinnirí go léir ar dualgas.
  • Má bhíonn an aimsir tirim, bíonn siad taobh amuigh sa chlós & má bhíonn sé fliuch, bíonn siad i halla a dó.
  • Caithfidh na cinnirí tí na liathróidí a fháil sa seomra stóir ag tús am sosa. Níl cead ag na daltaí dul isteach ann.
  • Má imíonn an liathróid thar an sconsa, caithfidh na cinnirí tí an liathróid a fháil. Níl cead ag daltaí an clós a fhágaint.
  • Ní bhíonn na cinnirí tí ag crochadh timpeall lena chéile ag am sosa.
  • Bíonn siad i measc na ndaltaí, ag siúl timpeall nó ag imirt cluichí leo chun cabhrú leo meascadh lena chéile & an Ghaeilge a spreagadh.

Ag deireadh am sosa, bailíonn na cinnirí tí na liathróidí & cuireann siad ar ais sa seomra stóir iad.

  • Bíonn na cinnirí tí go léir ar dualgas thuas staighre nó thíos staighre ag brath ar ranganna nó spórt.
  • Itheann siad a lón leis na daltaí.
  • Ní bhíonn na cinnirí tí ag crochadh timpeall leo féin.  Bíonn siad ag suí síos i measc na ndaltaí ag cabhrú leo meascadh & ag spreagadh na Gaeilge ( ach amháin má tá siad ag seinnt uirlisí ceoil don amhránaíocht thuas staighre nó má tá siad ag cabhrú leis an líne ag dul isteach go dtí an siopa thíos staighre ).
  • Cuireann siad iachall ar na daltaí a mbruscar a phiocadh suas roimh dheireadh am lóin.

Scuabann & glanann siad an halla ag deireadh am lóin.

  • Pointí céanna thuasluaite maidir le rollaí a thógaint & línte a bheith in órd & in eagar.
  • Leanann na cinnirí tí na treoracha céanna a leanann na daltaí.
  • Ní bhíonn na cinnirí tí bailithe leo féin ag caint.
  • Má shuíonn na daltaí ag bun an halla, suíonn na cinnirí tí ag bun an halla i measc na ndaltaí.
  • Caithfidh na cinnirí tí meascadh timpeall & rince leis na daltaí don chéilí.
  • Níl cead ag na cinnirí tí a bheith ag pleidhcíocht le linn an rince.
  • Tugann siad deashampla do na daltaí.
  • Má tá ‘catwalk’ ar siúl, beidh cinnire tí amháin nó dhó i gceannas ar an gceol, sin eile.
  • Suíonn na cinnirí eile leis na daltaí ag an ‘catwalk’.

Tárlaíonn an rud céanna ag an dioscó.  Beidh cinnire nó dhó i gceannas ar an gceol & sin eile.  Beidh na cinnirí eile i measc na ndaltaí.

  • Spreagann an cinnire tí an Ghaeilge.
  • Spreagann an cinnire tí béasaí & dea-iompar.
  • Níl aon chead Béarla a labhairt leis na daltaí.
  • Tá leabhar ag an gcinnire tí is má tá aon fhadhb acu le Béarla nó drochbhéasaí sa teach, moltar an leabhar a úsáid & ainm an dalta a chur isteach ann.
  • Tabhair rabhadh don dalta ar dtús.  Labhair leo duine ar dhuine ach má leanann an fhadhb ar aghaidh, cuir sa leabhar iad & tabhair an t-eolas don mhúinteoir i gceannas ag an gcruinniú an lá dár gcionn.
  • Bíonn an cinnire tí i gceannas ar na fóin phóca.  Tugann siad amach iad ag a 10 & bailíonn siad iad ag a 10.30.  Bí cinnte go bhfuil gach fón póca agat.
  • Déanann an cinnire tí amach róta don ghlanadh suas sa teach.
  • Bí cinnte go bhfuil na daltaí réidh in am chun an teach a fhágaint ar maidin is don cheilí.
  • Bí cinnte go bhfuil gach dalta ina seomra féin sna leapacha ag a 11 & na soilse casta amach.
  • Spreag na daltaí chun a seomraí codlata a choiméad glan & néata.
  • Déanann siad cinnte de go bhfuil na leapacha déanta ag gach dalta ar maidin & caithfear na seomraí a scuabadh amach gach dara lá.  Caithfidh na daltaí na boscaí bruscair sna seomraí a fholmhú nuair is gá freisin.
  • Caithfidh an cinnire tí a bheith cinnte go bhfuil na bróga deas néata ag na daltaí taobh istigh den doras.
  • Caithfear a bheith cinnte freisin go bhfuil na haerasóil i mboscaí thíos staighre.
  • Tugann an cinnire cabhair do na mná tí an dinnéar a thabhairt amach & glanadh suas a dhéanamh ina dhiaidh.
  • Déanann an cinnire tí cinnte de go bhfuil an seomra bia glan & scuabtha amach tar éis gach béile.
  • Déanann an cinnire tí cinnte de nach bhfuil aon bhia sna seomraí codlata.
  • Spreag iad chun meascadh lena chéile.
  • Cuir múinteoir ar an eolas má tá aon rud ag déanamh buartha duit mar gheall ar dhalta; uaigneas baile, dalta nach bhuil ag ithe, srl.